Míniú ar an Phróiseas Déanta an Phlean
Cad é an Plean Forbartha?
Is é an Plean Forbartha an príomhráiteas poiblí maidir le polasaithe pleanála don phobal áitiúil agus is treoirphlean é d’fhorbairt an chontae amach anseo. Bíonn tionchar aige ar mhórán gnéithe den saol eacnamaíoch agus sóisialta - cuirtear fís os ár gcomhair ann den tslí a thiocfaidh fás ar an gcontae ar bhealach ceart pleanáilte agus inmharthana sna sé bliana amach romhainn. Leagtar síos ann, i measc mórán rudaí eile, cuspóirí an údaráis pleanála maidir le húsáid talún, conláiste agus forbairt do thréimhse 6 bliana.
Cad a chlúdaíonn Plean Forbartha an Chontae?
Clúdaítear raon fairsing ábhar sa phlean, ina measc, fás daonra agus an méid talún a mheastar a bheith ag teastáil chun tithíocht a sholáthar don daonra úd, fostaíocht agus forbairt eacnamaíoch, páirceanna agus clóis súgartha, iompar, infreastruchtúr uisce & dramhuisce, turasóireacht, acmhainní nádúrtha, forbairt pobail, teileachumarsáid, cultúr, timpeallacht, cearta slí agus straitéis miondíola. Clúdaítear i bPlean Forbartha an Chontae beagnach gach a tharlaíonn sa chontae a bhfuil tábhacht leis.
Cén tionchar a imríonn an Plean ormsa?
Má tá cónaí ort sa chontae nó má thugann tú cuairt air, imríonn an Plean Forbartha an Chontae tionchar ort. Áit a gcónaíonn tú nó a bhfuil súil agat nó ag do theaghlach cónaí sa todhchaí. Mar a théann tú go dtí an t-ionad oibre nó scoil, na conláistí a bhíonn ar fáil don phobal, pé leabharlann, tránna, páirceanna, clóis súgartha nó conair siúil atá i gceist. Feabhas na timpeallachta thart ort, forbairt na mbailte agus na sráidbhailte ar fud an chontae, cur chun cinn na tionsclaíochta agus na fostaíochta, cosaint agus cur chun cinn ár gcultúir agus cá dtéann tú ag siopadóireacht.
Cé a Dheineann an Plean?
Is feidhm fhorchoimeádta de chuid Baill Tofa (i.e. comhairleoirí) an údaráis phleanála é an Plean a dhéanamh, a athbhreithniú agus a athrú. Tá sé de dhualgas orthu an plean a ghlacadh le cabhair theicniúil a gcuid oifigeach (an Príomhfheidhmeannach, Pleanálaithe, Innealtóirí etc.), i ndiaidh comhairliúcháin fairsing leis an bpobal.
Conas a dhéantar an plean? - Achoimre ar Phróiseas déanta an Phlean
Ullmhaíonn oifigigh an údaráis pleanála dréachtphlean, bunaithe ar shuirbhé sonrach agus ar anailís ar an gceantar agus ar aighneachtaí ón bpobal agus ó fhorais áitiúla. Tar éis do na Baill Tofa é a fhaomhadh (vóta tromlaigh), cuirtear ar taispeáint phoiblí é ar feadh 10 seachtaine ar a laghad. Féadfaidh duine ar bith tuairim a thabhairt ar an dréacht seo. Déanann na Baill Tofa gach aon tuairim a mheas, féadfaidh na baill sin an dréachtphlean a athrú bunaithe ar thuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh nó ar a dtuairimí féin. Má dhéantar athrú ábhartha (i.e. athrú suntasach) ar an dréacht, cuirtear na leasuithe ar taispeáint poiblí arís go ceann 4 seachtaine ar a laghad, le linn an ama sin féadfaidh an pobal tuairimí nua a nochtadh faoi na hathruithe a deineadh. Tar éis dóibh na tuairimí nua sin a mheas, glacann na Baill Tofa go foirmeálta leis an bplean agus ansin is é an plean forbartha oifigiúil don cheantar é.
An imríonn an Plean tionchar ar iarratais phleanála?
Déantar gach iarratas pleanála a thomhas i gcoinne an Phlean Forbartha d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a gcomhlíonadh le cuspóirí an Phlean. De ghnáth caithfidh gach forbairt a cheadaítear bheith i gcomhréir leis an bPlean.
Céimeanna phróiseas déanta an phlean
Nuair a bhíonn an Plean Forbartha á chur le chéile tá srianta ar na Baill Tofa maidir lenar féidir leo a dhéanamh, déanann siad measúnú ar phleanáil cheart agus ar fhorbairt inmharthana an cheantair lena mbaineann an Plean Forbartha, oibleagáidí reachtúla aon údaráis áitiúil sa cheantar agus aon pholasaithe nó cuspóirí de chuid an Rialtais nó aon Aire Rialtais.
Céim a hAon
Márta 2013, cuireadh tús le hathbhreithniú ar phróiseas ullmhúcháin Phlean Forbartha Chontae Chiarraí 2009-2015, ina bhféachtar siar ar an méid a baineadh amach le linn thréimhse an phlean sin, agus cén ionchur a bheidh aige sa phlean nua. Seoladh amach Cáipéis Saincheisteanna, inar iarradh ar an bpobal páirt a ghlacadh i luathchéimeanna an phlean nua, le go mbeidís ar an eolas faoi na saincheisteanna sa Phlean ar gá iad a mheas chun plé a chothú agus chun go mbeadh daoine ar an eolas go raibh plean á ullmhú. Tionóladh imeachtaí eolais phoiblí agus fuarthas 56 aighneacht ón bpobal ag an gcéim seo. Deineadh na haighneachtaí seo a mheas fad is a bhí an chéad dréacht den phlean á ullmhú agus cuireadh faoi bhráid na mBall Tofa i Meán Fómhair 2013. Dhein na Baill Tofa an chéad dréacht le linn trí chruinniú agus d’aontaíodar ar Dhréachtphlean deiridh agus rith rún lena ghlacadh mar dhréachtphlean foirmeálta. Deineadh trí Mheasúnacht Timpeallachta le linn don dréachtphlean a bheith á ullmhú; Tuairisc ar Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta ina leagtar síos na tionchair shuntasacha ar dócha a bheidh ar an timpeallacht má chuirtear an Dréachtphlean i bhfeidhm, Tuarascáil Tionchair Natura ar Threoirlínte maidir le Gnáthóga ina measúnaítear an baol go n-imreofaí tionchar ar láithreacha Natura 2000 (láithreacha a ainmníodh san Eoraip lena gcaomhnú), Measúnacht Straitéiseach ar Bhaol Tuilte. Tá na tuarascálacha seo in Imleabhar 4.
Céim a Dó
Cuireadh an Dréachtphlean Forbartha at taispeáint don phobal ar feadh tréimhse 10 seachtaine ó Aoine 24 Eanáir 2014 go Luan 7 Aibreán 2014. Bhí roinnt laethanta oscailte agus saotharlanna leis chun cabhrú leis an bpobal.
Fuarthas 327 n-aighneacht ar fad le linn na tréimhse comhairliúcháin, Léadh gach aighneacht, deineadh é a chatagóiriú agus a achoimriú i dTuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh in éineacht le Freagra agus Moltaí an Phríomhfheidhmeannaigh.
Dhein na Baill Tofa Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh a mheas ag a gcuid cruinnithe ar 28 Iúil san Eoraip 2014, 1 Meán Fómhair 2014 agus 11 Meán Fómhair 2014. Bheartaigh Baill Tofa Chomhairle Contae Chiarraí go ndéanfaí an Dréachtphlean a leasú de réir Alt 12 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000-2014.
Toisc gur deineadh athrú ábhartha, cuireadh Leasuithe Molta/Athruithe Ábhartha ar Taispeáint Poiblí ón 22 Deireadh Fómhair go 21 Samhain 2014.
Céim a Trí
Cuireadh na Leasuithe Molta/Athruithe Ábhartha a dhein na Baill Tofa ar an Dréachtphlean, in éineacht leis na hAguisíní, le na Tuarascálacha maidir le Measúnachtaí Timpeallachta ar na hathruithe atá molta, ar Taispeáint Poiblí ón 22 Deireadh Fómhair go 21 Samhain 2014.
Fuarthas 422 aighneacht ar fad le linn na tréimhse comhairliúcháin. Léadh gach aighneacht, deineadh é a chatagóiriú agus a achoimriú i dTuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar na Leasuithe Molta/Athruithe Ábhartha in éineacht le Freagra agus Moltaí an Phríomhfheidhmeannaigh.
Dhein na Baill Tofa Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh Leasuithe Molta/Athruithe Ábhartha a mheas ag a gcruinniú ar 12 Eanáir 2015.
Tar éis dóibh Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh a mheas, dhein na Baill Tofa an Plean de réir Alt 12 (10) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000-2014.
Ghlac Baill Tofa Chomhairle Contae Chiarraí le Plean Forbartha Chontae Chiarraí 2015-2021 ar 16 Feabhra 2015 agus tá sé éifeachtach ó 16 Márta 2015.
Céim a Ceathair
Tháinig an Plean Forbartha i bhfeidhm 4 seachtaine i ndiaidh dáta a ghlactha agus beidh sé i bhfeidhm go ceann 6 bliana. Le linn na tréimhse seo úsáidfear cuspóirí agus polasaithe an phlean chun na hiarratais phleanála a mheas, chun an timpeallacht tógtha agus nádúrtha a chosaint, chun treoir a thabhairt do shuíomh agus d’fhorbairt infreastruchtúir lena n-áirítear áiseanna pobail etc.
Taifead na Struchtúr Faoi Chosaint (RPS).
Tá sé riachtanach go mbeadh Taifead na Struchtúr Faoi Chosaint (RPS) i bPlean Forbartha. Tá an liosta seo déanta suas de gach struchtúr, nó cuid de struchtúr, atá de réir thuairim an údaráis pleanála, ina n-ábhar spéise speisialta sna réimsí seo a leanas sa chontae: ailtireacht, stair, seandálaíocht, ealaín, cultúr, eolaíocht, sóisialta nó teicniúil. Tá liosta díobh seo in Imleabhar 2 den Phlean.
Cearta Slí Poiblí
De réir an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2010 tá sé riachtanach go n-áirítear i bPlean Forbartha liosta agus léarscáileanna de chearta slí poiblí go dtí trá mhara, sliabh, bruach locha agus aon áit eile a ngabhann áilleacht nádúrtha léi nó a úsáidtear le haghaidh áineasa. Tá sé i gceist go gcaomhnóidh sé seo Cearta Slí le haghaidh áineas don ghlúin atá thuas anois agus dóibh siúd atá le teacht. Tá liosta agus léarscáil de na Cearta Slí Poiblí in Imleabhar 2. Tá sé tábhachtach a thabhairt do d’aire nach liosta cuimsitheach é seo agus má fágadh Ceart Slí amach ón liosta ná glactar leis uaidh sin nach ann don cheart slí sin. Tá sé i gceist ag an gComhairle a leanúint de Chearta Slí Poiblí a aithint le linn thréimhse an Phlean.
Tá liosta thíos de na cáipéisí uile ón gcéim eile de phróiseas déanta an phlean. Má tá cáipéis de dhíth ort déan teagmháil leis an Aonad um Pleanáil Polasaí
Cáipéisí ó Chéim a hAon (Réamhdhréacht)
• Cuid 11 Fógra Poiblí
• Cuid 11 Cáipéis Comhairliúcháin Poiblí, “Páipéar Saincheisteanna”
• Póstaeir do Lá Oscailte
• Cuid 11 Tuarascáil an Bhainisteora
Cáipéisí ó Chéim a Dó (Réamhdhréacht)
• Cuid 12(1)(b) Fógra Poiblí
• Imleabhar 1: Ráiteas Scríofa
• Imleabhar 2: Taifead na Séadchomharthaí Seandálaíochta & Struchtúir atá faoi Chosaint, Cearta Slí Poiblí
• Imleabhar 3: Léarscáileanna
• Imleabhar 4: Tuarascálacha Timpeallachta
• Imleabhar 5: Straitéis Tithíochta
• Dréachtbhileog Eolais CDP
• Dréachtfhógra Eolais CDP
• Sonraí na Struchtúr atá faoi Chosaint
• Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar dhréachtaighneachtaí, Meitheamh 2014
Cáipéisí ó Chéim a Trí
• Imleabhar 1: Ráiteas Scríofa ar Dhréachtphlean Forbartha Chontae Chiarraí 2015-2021
• Tuarascáil ar Leasuithe/Athruithe Ábhartha ar Dhréachtphlean Forbartha Chontae Chiarraí 2015-2021
• Aguisín le Tuarascáil ar Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta
• Aguisín le Measúnacht ar Threoirlínte maidir le Gnáthóga/Tuarascáil ar Thionchar Natura
• Aguisín le Measúnacht Straitéiseach ar Bhaol Tuile
• Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta/Deimhniú Measúnachta Chuí i gcomhréir le hAlt 12 (7) (aa) de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 - 2014
• Fógraí Poiblí i gcomhréir le hAlt 12(7) [22 D.Fóm., 2014]
• Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ar Aighneachtaí a Fuarthas maidir leis na Leasuithe/Athruithe Ábhartha ar Dhréachtphlean Forbartha Chontae Chiarraí 2015-2021
• Cearta Slí Poiblí
• Taifead na Struchtúr atá faoi Chosaint
Cáipéisí ó Chéim a Ceathair (Plean arna Ghlacadh)
• Imleabhar 1: Ráiteas Scríofa
• Imleabhar 2: Taifead na Séadchomharthaí Seandálaíochta & Struchtúir atá faoi Chosaint, Cearta Slí Poiblí
• Imleabhar 3: Léarscáileanna
• Imleabhar 4: Tuarascálacha Timpeallachta
• Imleabhar 5: Straitéis Tithíochta
• Breith Measúnachta Chuí i gcomhréir le hAlt 12 (7) (aa) de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 - 2014